Gliondar Aiteach i gCampa Chléire 2026

Éiríonn sé níos fearr gach bliain.

Tháinig grúpa de 50 duine LADTAIÉ+ le chéile in Oileán Chléire le tabhairt faoin tríú bliain de champa samhraidh AAG agus Mheitheal Chléire. Chaith muid seachtain ag foghlaim agus ag ithe le chéile, ag snámh agus ag damhsa le chéile, ag canadh agus ag cadhacáil le chéile.

Tá an nasc leis an nGaeltacht agus a pobal fíorthábhachtach d’AerachAiteachGaelach. Chuir muid aithne níos fearr arís ar mhuintir an oileáin i mbliana, rud a bhí an-tábhachtach agus taitneamhach, agus muid ag foghlaim uatha faoina gcuid traidisiún, faoina n-oidhreacht, faoin bhfealsúnacht atá acu i leith an tsaoil agus faoin gcaoi a mbaineann siad craic as! Tá muid faoi chomaoin ag muintir Chléire as seachtain speisialta a chur ar fáil dúinn.

Is eiseamláir í an tseachtain i gCléire den obair a dhéanann AerachAiteachGaealach chun an pobal LADTAIÉ+ a spreagadh le dul i mbun foghlama, le cruthú trí Ghaeilge agus leis an teanga a dhéanamh lárnach ina saol féin. Le blianta beaga anuas, tá grúpa nach beag de chainteoirí LADTAIÉ+ tar éis an Ghaeilge a roghnú mar theanga phobail eatarthu féin agus tá an gréasán sin ag fás i dtólamh. Ní dóigh linn gur áibhéil é ar chor ar bith a rá go ndéanfar staidéar sa todhchaí ar an bhfealsúnacht agus ar na modhanna a chleachtann na daoine atá sa ngréasán d’AerachAiteachGaelach, na Queercail Comhrá, ranganna Gaeilge Na Gaeil Aeracha agus Bród na Gaeltachta.

Tá léargas ar imeachtaí agus ar mhothúcháin na seachtaine le fáil ó na grianghraif áille seo ó Sheirce Mhac Conghail:

Stiúrthóir: Ruairí Ó Donnabháin

Stiúrthóirí Cúnta: NJ Ní Mhéalóid agus Eoin Mc Evoy

Áisitheoir Amhránaíochta: Jill Mc Mahon (AAG)

Áisitheoir Cré: Catherine Ryan (Cléire)

Áisitheoir Coinnle: Ger Ní Mhéalóid (Cléire)

Áisitheoir Cadhacála: Paula Ní Ríogáin (Cléire)

Áisitheoir Damhsa: Patricia Ní Bhroin

Áisitheoir Filíochta: Pádraig Ó Cuinneagáin (AAG)

Áisitheoir Thráth na gCeist: NJ Ní Mhéalóid (Cléire/AAG)

Banríon Draig agus Bean an Tí ag an Oíche Airneáin: Anne Aithnid ris a ráitear Conall Ó Duibhir

Cócaire: Claire Arnold (Lennox Street Grocer)

Grianghrafadóir: Seirce Mhac Conghail (AAG)

Múinteoirí na gCeardlann Gaeilge (AAG:) Aoife Ní Mhórdha, Darragh Ó Caoimh, Eoin Mc Evoy, Jamie Murphy, Stiofán Ó Briain

Múinteoir Ióga agus Úinéir an tSána: Jen Ní Cheibheánnaigh (Cléire)

Treoraí Staire: Séamus Ó Drisceoil (Cléire)

Previous
Previous

Córas aiseolais le haghaidh scríbhneoirí Gaeilge

Next
Next

Clár Chomhdháil Aiteach 2026