Clár Chomhdháil Aiteach 2026
Ealaín agus Taighde ó shaol aiteach na Gaeilge
Is ábhar áthais é dúinn in AerachAiteachGaelach a fhógairt go mbeidh Comhdháil Aiteach á reáchtáil i gcomhar le Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh an Bhéaloidis UCD i Meitheamh 2026, le linn mhí an Bhróid.
Tiocfaidh taighdeoirí agus ealaíontóirí le chéile ag an gcomhdháil seo in Amharclann an Trapdoor ar champas Belfield le páipéir acadúla agus léirithe ealaíon a chur i láthair a dhéanann iniúchadh ar an saol aiteach trí Ghaeilge.
Is comhdháil Ghaeilge í seo ach beidh córas ateangaireachta i bhfeidhm chun na páipéir agus na léirithe a aistriú go Béarla. Tá coiste na comhdhála buíoch de UCD agus Oireachtas na Gaeilge as a gcuid tacaíochta agus an lá seo á phleanáil.