Bál Aiteach 2026

Ealaín an phóstaeir: Ciarán Keenan

Tóg amach an gunna gliú, buail isteach chuig an siopa carthanachta áitiúil agus réitigh d’fheisteas, mar seo chugainn Bál Aiteach 2026!

Is é an Bál Aiteach an t-imeacht pobail is glioscarnaí, is spraíúla agus is cruthaithí sa mbliain le haghaidh phobal aiteach na Gaeilge.

Cuirfidh muid fáilte romhaibh ón 18:00 ar aghaidh, imreoidh muid cluichí spraíúla le tús a chur le himeachtaí an lae roimh an mBál féin agus muid ag glacadh inspioráide ó na báil in Harlem sna 1980idí.

Gléasfaidh daoine de réir catagóire:

Catagóir 1: Gráinne Seodra

Catagóir 2: Táimse i mo chulaith

Catagóir 3: Tiocfaidh ár mbláth

Catagóir 4: Seo mo Spás

Beidh duais ar luach €100 i gceist don fheisteas is fearr i ngach catagóir. Roghnóidh gach buaiteoir a nduais féin ó Eolaire Údarás na Gaeltachta chun go rachaidh an t-airgead ón imeacht i dtreo phobal na Gaeltachta.

Is ceiliúradh é an Bál Aiteach ar an gcultúr aiteach agus ar an nGaeilge agus cruthaíonn sé atmaisféar cuideachtúil tacúil le gur féidir le daoine iad féin a chur in iúl i mbealach cruthaitheach.

Tá an Queercal Comhrá an-bhuíoch den Chiste Spreagtha as an tacaíocht le haghaidh an imeachta seo.

Eagraithe: Queercal Comhrá Bhaile Átha Cliath i gcomhar le hAerachAiteachGaelach.

Tá lascaine ar fáil le haghaidh bhaill AerachAiteachGaelach. Cuir scéal chugainn chun an cód a fháil.

Next
Next

Ceardlann Chorcaí: Corp agus Glór