Ceardlann Irisíní le Conall Ó Duibhir in UCD
Foghlaim faoi cheird na n-irisíní agus bain triail as ceann a chruthú le daoine eile sa cheardlann seo in UCD. Is é Conall Ó Duibhir ó AAG a bheas i mbun na ceardlainne le tacaíocht ó Eoin Mc Evoy.
Clár na Ceardlainne
Sa cheardlann chruthaitheach seo, léireofar samplaí d'irisíní (zines) agus treorófar na rannpháirtithe chun irisín a chruthú le chéile mar ghrúpa. Foghlaimeoidh na rannpháirtithe freisin faoi thábhacht na n-irisíní mar uirlisí scaipthe smaointe. Déanfar plé sa chomhthéacs sin ar iris liteartha Ghaeilge UCD, Nua-Aois, agus féachfar le hí a athbhunú.
Beidh fáilte roimh chách ag an gceardlann agus fáilte ar leith roimh scoláirí de chuid UCD ag gach leibhéal.
Tá an cheardlann seo á reáchtáil ag AerachAiteachGaelach le cúnamh ó Scéim na Litríochta (Foras na Gaeilge) agus Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD.