Aistriúchán tosaithe ar cháipéisí sláinte LADTAIÉ+
Tá Meitheal Aistriúcháin agus Téarmaíochta AAG tar éis tús a chur le haistriú cáipéisí a bhaineann le sláinte ghnéasach agus dlúthchaidrimh LADTAIÉ+. Baineann an chéad cháipéis sa tionscadal le mná leispiacha, déghnéasacha agus aiteacha. Tá 13 aistritheoirí agus gníomhaithe pobail ó AAG ag obair go deonach ar an gcáipéis mar chuid de thionscadal i gcomhar le Meitheal Chléire agus LINQ.
Léireofar cuid den obair do na rannpháirtithe ag Bród Chléire an 16 Lúnasa 2025.
Clúdach na cáipéise