AerachAiteachGaelach ag Lá Mór na Gaeilge

Póstaer don phainéal plé do Lá Mór na Gaeilge, 1 Bealtaine. Pictiúir de Lisa, Rút agus Séan

Beidh Lisa Nic an Bhreithimh, Rút Ní Theimhneáin agus Seán Ó Dubhchon ó AerachAiteachGaelach ag glacadh páirt i bpainéal plé faoi chúrsaí aiteacha, an Ghaeilge agus a mbaint le pobal cruthaitheach na teanga mar chuid de Lá Mór na Gaeilge, Dé Domhnaigh 1 Bealtaine 2022.

Beidh an painéal plé ar siúl ag 13:20 ar Chearnóg Pharnell Thuaidh i mBaile Átha Cliath agus Lisa, Rút agus Seán faoi agallamh ag Bláthnaid Ní Chofaigh.

Tuilleadh eolais faoi Lá Mór na Gaeilge ó RTÉ
Previous
Previous

Drámaí Gaeilge ag an International Dublin Gay Theatre Festival

Next
Next

Ceardlann Chruthaitheachta le AAG