Lisa Nic an Bhreithimh (sí/í)
Is bean chis-inscneach, dhéghnéasach í Lisa a bhíonn ag scríobh agus a oibríonn i gcúrsaí cumarsáide agus gníomhaíochta. Scríobhann sí splancfhicsean den chuid is mó, dírithe ar théamaí a bhaineann le saolta ban agus saolta an phobail LADTA+.
Bronnadh Duais Uí Mháine, an Chéad Duais i gComórtas Imbolc 2018 agus an 3ú duais i gComórtas Cumadóireachta AerachAiteachGaelach uirthi.
Tá sí ar Choiste Stiúrtha ShoutOut, carthanacht a chuireann oideachas ar dhaoine faoi chúrsaí LADTA+. Déanann sí ceardlanna trí Ghaeilge agus Béarla le ShoutOut timpeall na tíre agus oibríonn sí ar chúrsaí cumarsáide freisin, ag scaipeadh eolais ar na meáin shóisialta trí Ghaeilge agus ag scríobh blaganna Gaeilge. D'oibrigh sí ar fheachtas Tá Comhionannas, an feachtas Gaeilge den Reifreann ar an gComhionannas Pósta i 2015 agus oibríonn sí le Equality for Children, feachtas ar lorg ceart do chlanna LADTA+ in Éirinn. Is craoltóir raidió í Lisa freisin le Raidió na Life.
'Fada agus Fairsing', clár Lisa ar Raidió na Life
Iontráil le Lisa maidir le pobal aiteach na Gaeilge ar bhlag ShoutOut
Tá Lisa ina heagarthóir Gaeilge ar an iris Splonk
Is oibrí deonach í Lisa le ShoutOut, eagraíocht thábhachtach a chuireann ceardlanna ar fáil i scoileanna maidir le cúrsaí LADTAIÉ+
Tá Lisa ag obair go deonach le Equality for Children, eagraíocht a bhunaigh tuismitheoirí LADTAIÉ+ le cosaintí dlíthiúla a éileamh dá gcuid páistí.
Lisa faoi agallamh ar phodchraoladh Motherfoclóir