Tadhg Ó Grifín (sé/é)

Éalaíonn léirithe Thaidhg go héasca idir an ceol traidisiúnta agus an snagcheol, an func agus an rac-cheol agus é ag insint scéalta pearsanta faoin ngrá, an léargas agus an féinghlacadh. Agus a bhanna mór de dheichniúr ceoltóirí á stiúradh ag Tadhg ón bpianó agus le ceannas a gutha, is ceiliúradh é seó Thaidhg ar chumhacht an cheoil agus ar chastacht an tsaoil.

Tá seancheangal idir Tadhg agus an Ghaeilge. Thosaigh sé á labhairt agus é ina ghasúr, agus thóg a chlann cuairteanna rialta ar áit bhreithe a athar i nGaeltacht Cheann Trá i gCo. Ciarraí. Rinne sé treisiú breise ar an gcaidreamh sin nuair a thosaigh sé ag cumadh is ag scríobh ceol trí Ghaeilge.

Tá Tadhg agus a bhanna ceoil tar éis seinm ar na stáitsí is suntasaí in Éirinn: Féile na Gealaí, Féile Liú Lúnasa, an tOireachtas, Electric Picnic i measc go leor eile.