Seirce Mhac Conghail (siad/iad)
Is scríbhneoir ildánach iad Seirce Mhac Conghail. Bíonn idir filíocht, scripteanna, agus prós idir lámh acu.
Tá siad tar éis páirt a ghlacadh i réimse scéimeanna forbartha trí Bhéarla agus trí Ghaeilge cosúil le Scéal to Seit, Scéal Úr, agus Synchromesh International.
Tá saothar dá gcuid foilsithe in Blue Marble Review, Howl New Irish Writing, Lesbian Art Circle, agus irisí nach iad.
Chomh maith leis an scríbhneoireacht, is áisitheoir ceardlainne scríbhneoireachta iad, agus oibríonn siad go hiondúil le daoine óga trí mheán na Gaeilge.