Seán Mac Risteaird

Seán Mac Risteaird (sé/é)

Is Ollamh Cúnta/Léachtóir le Gaeilge é Seán Mac Risteaird in Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU.

Dhírigh a thionscnamh Ph.D. ar na scríbhneoirí comhaimseartha Micheál Ó Conghaile agus Cathal Ó Searcaigh agus an léamh curtha i gcomhthéacs theoiric na haiteachta mar uirlis léirmheastóireachta. Chaith sé tréimhsí ag teagasc in Ollscoil Mhá Nuad, i gColáiste Phádraig (Durlas Éile), in St Thomas University (Fredericton, Ceanada) agus i gColáiste Hibernia.

Tá spéis mhór aige i léann na haiteachta, i gcúrsaí inscne, agus sa chritic chultúrtha agus liteartha. Bhunaigh Seán Dána: Sraith Seimineár Ar Léann na Collaíochta agus na Gnéasúlachta sa Ghaeilge sraith a reáchtáladh den chéad uair in 2021. D’fhoilsigh sé ailt éagsúla in Comhar, Feasta, Irisleabhar Mhá Nuad, agus in Studi irlandesi. A Journal of Irish Studies. Tá monagraf bunaithe ar a chuid taighde dochtúireachta idir lámha faoi láthair aige.