Seán Casey (sé/é)
Is maisitheoir agus údar leabhar pictiúr as Conamara é Seán Casey, ar a dtugtar Pencil Casey freisin.
Bhain sé céim amach sa mbeochan chlasaiceach agus cruthaíonn sé saothar fuinniúil, spraíúil, go minic le téamaí aiteacha agus néarashainiúla.
Oibríonn sé freisin mar chleachtóir cruthaitheach, ag reáchtáil ranganna cruthaitheacha do pháistí agus do dhaoine fásta in Albain, agus in Éirinn ó d'fhill sé abhaile in 2025.
Cuireadh a shaothar ar taispeáint go hidirnáisiúnta mar chuid de Illustrators Ireland, agus tá a chuid léaráidí le feiceáil i bhfeachtais fógraíochta don dearthóir mór le rá Modo Guerra.