
Seisiúin Scríbhneoireachta AAG
Nodanna Scríbhneoireachta
-
Nod Scríbhneoireachta: Bileoga na Maidine
Nod é seo ón scríbhneoir Julia Cameron a scríobh The Artist’s Way.
Níl le déanamh ach trí leathanach bhána a líonadh le do chuid smaointe.
Is cuma faoin ábhar: pé rud a ritheann leat agus in ord ar bith, téacs a chuir fearg ort, an boladh caife a thug do shrón faoi deara nuair a shiúil tú isteach in Outhouse inniu, cuimhne ó t’óige, brionglóid nach cuimhin leat ach a leath, rud greannmhar a chuala tú sa scuaine do do chicken fillet roll ag am lóin, líne a thaitin leat sa leabhar a bhí tú a léamh ar an mbus. Aon rud in aon chor.
Is cuma faoin bhfoirm freisin: abairtí gan deireadh, leathabairtí, focla, comhrá.
Is cuma faoin ábhar agus is cuma faoin bhfoirm ach tá an cur chuige tábhachtach: níl cead stopadh, níl cead rudaí a cheartú nó a chur in eagar fiú má dhéanann tú botún. Scríobh leat gan stad, gan an peann a chur síos, scríobh leat gan sos a ghlacadh, fiú nuair nach bhfuil aon rud i do chloigeann agat. Aimsigh rud ar bith agus cuir síos é agus ná stop go dtí go bhfuil na trí leathanach líonta.
-
Nod Scríbhneoireachta 1
Margaret an t-ainm atá ort. Tá tú 92 bliain d’aois. Ghnóthaigh do chomharsa béal dorais, Cáitín, an chéad duais ag an mbiongó anocht. Is fuath leat Cáitín. Scríobh amach an glaoch a bhíonn agat le d’iníon ar an bhfón maidir le heachtraí na hoíche.
Nod Scríbhneoireachta 2
Jimín Óg an t-ainm atá ort. Tá tú deich mbliana d’aois. Tá tú sa gclós scoile ag maíomh toisc gur tháinig tú ar choiscín i bpóca chóta do dhearthár atá 19 bliain d’aois. Ní thuigeann tú cad is coiscín ann. Scríobh amach an méid a deir Jimín Óg.
-
Má tá cluasáin leat agat, éist le ceann de na píosaí ceoil seo thíos ar d’fhón agus bain leas astu le do shamhlaíocht a spreagadh: Port 1 nó Port 2 nó Port 3 nó Port 4.
• Cad é an suíomh a fheiceann tú?
• Tá duine ann. Cé hí?
• Níl sí ag damhsa. Cad atá á dhéanamh aici?
• Céard atá sí a chaitheamh?
• Cén príomhmhothúchán atá uirthi?
• An bhfuil duine eile ann léi nó an bhfuil sí léi féin?
• Conas atá an seomra ina bhfuil sí nó an aimsir má tá sí lasmuigh?
• Cad atá uaithi sa nóiméad seo?
• An mbeidh sí ábalta ar é a fháil?
-
Scríobh dán faoi bharra seacláide.
Scríobh haiku 3 líne (5 shiolla, 7 siolla, 5 shiolla) ar an aimsir inniu.
Scríobh dán faoi oíche amuigh sa mbeár aiteach.
Scríobh dán faoi dhuine spéisiúil a bhfuil aithne agat orthu.
Scríobh dán faoi do sheanathair.