Pictiúr próifíle de Phádraig Ó Cuinneagáin agus é ag breathnú díreach isteach sa cheamara

Pádraig Ó Cuinneagáin (sé/é)

Is file, scríbhneoir agus craoltóir raidió é Pádraig Ó Cuinneagáin. Tá a shaothar le léamh in Feasta, Poblachd Nam Bard agus le cloisteáil ar an tsraith Teachtaireachtaí le Raidió na Life. D'éirigh leis an liosta fada a bhaint amach i gComórtas Físín 2021. Roghnaíodh é le beith páirteach i scéim Éigse Éireann Céadlínte 2022.

Mar aon leis sin ar fad, bíonn an clár raidió Meabhairtháinte á láithriú aige go seachtainiúil i dteannta le Fódhla Ní Chéileachair ar Raidió na Life. Is í an mheabhairshláinte buntéama chuile chláir agus bíonn réimse leathan topaicí idir chamáin acu.