Oisín Ó Dálaigh (Sé/Siad)

Is amhránaí claisiceach é Oisín Ó Dálaigh a bhfuil céim céadonóireacha bainte amach aige ó Scoil an Cheoil agus na Drámaíochta (Institiúid Teicneolaíochta BÁC) agus MGO den céadonóireacha bainte amach aige ó Ollscoil na Gaillimhe. 

Le deich mbliana anuas, d’oibrigh Oisín i gcóranna do chomhlachtaí opera ar fud na tíre agus sa Ríocht Aontaithe, ar nós Opera Theatre Company, Wide Open Opera, Northern Ireland Opera, North Dublin Opera, Bowen Opera Festival (Manchain) Norfolk Festival Opera (Surrey) Lismore Opera Festival/Blackwater Valley Opera Festival, agus Irish National Opera, lena bhfuil sé mar bhall den bhuanchór anois. Tá sé ina bhall de Newman Vocare Ensemble freisin.

In 2024, ghlac Oisín a chéad príomhpháirt mhór ghairmiúil, agus an ról “The Younger Man” aige in opera dúbailte Trade/Mary Motorhead le Emma O’Halloran agus Mark O’Halloran. Chuaigh an opera seo ar camchuairt timpeall na tíre agus é bainteach le Féile Ealaíona Chill Chainnigh agus Féile Amharclannaíochta BÁC. Ainmníodh taifead an opera seo do ghradam Grammy in 2025, agus dá bharr sin is ainmní Grammy é Oisín. 

Le déanaí, chan Oisín mar aonréadaí taobh le Andrea Bocelli ina cheolchoirm sa Three Arena i mBÁC i mí Aibreán 2025. Chomh maith le sin, bhí Oisín le feiceáil ar an teilifís ar oíche/lá Nollag leis an gCeolfhoireann Ceolchoirme RTÉ faoi stiúir Karen Ní Bhroin ar an gclár RTÉ Christmas from Kilmainham.

Is múinteoir amhránaíochta díograiseach é Oisín a oibríonn le daltaí ag chuile leibhéil. Bíonn ranganna ceoil don Ardteistiméireacht á mhúineadh aige freisin. Chomh maith le sin, bíonn sé ag canadh ag sochraidí agus bainiseacha. 

Beidh Oisín le feiceáil go luath ar camchuairt le The Irish National Opera sna róil an Mosquito agus an Innkeeper in opera le Janaçek, The Cunning Little Vixen.