Reáchtáil AerachAiteachGaelach comórtas scríbhneoireachta ar théama an Uafáis Aitigh Ghaelaigh i mbliana. Fógraíodh buaiteoirí an chomórtais ag Cruinniú Cinn Bliana AAG ag Oireachtas na Samhna 2026.
An Chéad Duais (€200): 'Faoi Choim na gCrann' le Tadhg Mac Eoghain
An Dara Duais (€150): 'Sparántacht' le hOrna Ní Choileáin
Is aistritheoir agus scríbhneoir ú Tadhg Mac Eoghain. Bronnadh Bonn Néill Uí Dhónaill 2021 ar Thadhg as an aiste ‘Foclóireacht, Aiteacht, Coimíneacht’ agus d’fhoilsigh siú an dara heagrán de An Foclóir Aiteach in 2022. Bíonn Tadhg ag scríobh gearrfhicsin agus filíochta chomh maith.
Is scríbhneoir Gaeilge í Orna Ní Choileáin. Bíonn sé suntasach ina cuid gearrscéalta i gcónaí an claonadh i dtreo an rud atá as alt – diostóipe, míshuaimhneas, claochlú. Is é ‘Sparántacht’ an chéad saothar uaithi i seánra an uafáis aitigh. Ní hé an ceann deireanach é.
Dúirt Laoighseach Ní Choistealbha, file, bunaitheoir an irisín An Dearcán, agus moltóir an chomórtais, an méid seo:
'Ba phléisiúr dom é moltóireacht a dhéanamh ar an chomórtas áirithe seo de chuid Aerach Aiteach Gaelach: Uafás Aiteach Gaelach! Ba dheas liom go raibh téama spéisiúil ... téama tráthúil ... luaite leis - bhí orm cuid de na scéalta a léamh faoin phluid le mo theidí agus glas ar an doras ... aoíc! Cheap mé go raibh caighdeán na n-iontrálacha iontach ard, agus chuaigh sé sa mhuileann orm saothar amháin a roghnú. Tréaslaím a saothar leis na buaiteoirí agus tá súil agam iad a fheiceáil i gcló amach anseo!'
Comhghairdeas ó chroí leis na buaiteoirí. Ba mhaith le hAAG ár mórbhuíochas a ghabháil le Laoighseach as an moltóireacht, le Cara Nic Giolla Chomhaill a dhear an póstaer, le Clár na Leabhar Gaeilge agus Foras na Gaeilge a thacaigh linn trí Scéim na Litríochta, agus le gach uile scríbhneoir a chuir isteach ar an gcomórtas. Go maire an peann in bhur lámh!