Abbey 5x5

Tháinig AerachAiteachGaelach le chéile den chéad uair in Amharclann na Mainistreach, Baile Átha Cliath, mar chuid de scéim Abbey 5x5. Deis a bhí ann do bhaill an chomharghrúpa nuabhunaithe aithne a chur ar a chéile, plé a dhéanamh ar na pleananna a bhí acu dá gcuid ealaíne, smaoineamh ar thionscadail chruthaitheacha a bhféadfaimis tabhairt fúthu mar ghrúpa agus tabhairt faoin obair chruthaitheach sin.

Abbey 5x5 postáil.png

D’oibrigh an grúpa leis an drámadóir fuinniúil Eva O’Connor agus an stiúrthóir Hildegard Ryan ar feadh na seachtaine agus léirigh an grúpa cuid den obair a bhí déanta acu i seó gairid ar stáitse na Péacóige ag deireadh na seachtaine.

Previous
Previous

Bród 2020