Julie Goo (sí/í)

Is file dátheangach agus amhránaí í Julie Goo, as Cathair Chorcaí. Bhuaigh sí an Heart of Gort Slam sa bhliain 2019, agus tháinig sí sa dara háit i slam filíochta Liú Lúnasa i 2021. D’fhoilsigh Coiscéim a céad chnuasach dar teideal DÁNA, fén ainm Julie Field, i 2021.

Bhronn Comhairle Chathair Chorcaí Individual Artist Bursary uirthi sa bhliain 2022 chun a céad chnuasach eile a chumadh.

Bíonn Goo ar an stáitse go rialta ag léiriú a saothair. Tá sí ag freastal ar fhéilte, idir bheag agus mór, in Éirinn agus thar lear, leis na blianta.

Is ball í den ghrúpa Hip Hop dátheangach shelovescalpol [SLC], le DJ Milis. Tiocfaidh tú ar a gcuid ceoil ar Bandcamp.

Tá scannáin filíochta Goo agus rudaí deasa eile le feiscint ar a leathanach YouTube, agus eolas mar gheall ar gigeanna srl ar a leathanacha Instagram agus Facebook.