Jamie Murphy (sé/é)

Is é Jamie Oifigeach Téarmaíochta AerachAiteachGaelach is stiúrann sé ár Meitheal Aistriúcháin agus Téarmaíochta.

Léachtóir, taighdeoir, aistritheoir agus téarmeolaí is ea Jamie Murphy. Is léachtóir é i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, UCD agus is mar eagarthóir taighde agus taighdeoir iardhochtúireachta a d’oibrigh sé ar feadh deich mbliana in Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU, roimhe sin. Bhainistigh sé an tionscadal ar an athbhreithniú cuimsitheach ar na meáin Ghaeilge arna choimisiúnú ag Coimisiún na Meán 2024/2025 chomh maith.

Tá go leor foilsithe aige i réimse an aistriúcháin, na drámaíochta agus na téarmeolaíochta in Éirinn agus níos faide i gcéin. Thug sé cainteanna ar cheist na téarmaíochta ag comhdhálacha náisiúnta agus idirnáisiúnta agus mar chuid dá thaighde reatha, díríonn sé ar stádas na téarmaíochta i réimse LADTA+ sa Ghaeilge agus i dteangacha Ceilteacha eile.

Tá spéis ar leith aige sa drámaíocht aistrithe, go háirithe drámaí de chuid JM Synge agus Martin McDonagh; an téarmeolaíocht; agus léann an aistriúcháin. Cuireann sé fáilte roimh chomhoibriú ar na topaicí sin i gcónaí.

Léigh faoi thaighde Jamie

  • Comhar

    'Fearann Nua Focal' – borradh mór faoi théarmaíocht LADTA+ na Gaeilge

  • Translation Spaces

    ‘LGBTQ+ terminology in Irish and other Celtic languages: Promoting pride in domain gain’

  • Kudos

    ‘Queer terminology creation and promotion in Irish and other Celtic languages’

  • RTÉ Brainstorm

    ‘How the LGBTQ+ community informed Irish language terminology’