HK Ní Shioradáin (siad/iad)

Is cumadóir ceoil, dearthóir fuaime agus ceoltóir iad HK Ní Shioradáin. Bíonn siad ag cumadh agus ag dearadh do dhrámaí, scannáin, raidió, ceoldrámaí, agus bannaí ceoil. Tá ceol agus dearadh déanta acu do RTÉ, Virgin Media, Dublin Fringe Festival, Longitude Festival, agus eile.

Chum siad an ceol agus rinne siad an dearadh fuaime do léiriúchán AerachAiteachGaelach de Grindr, Saghdar, agus Cher sa Taibhdhearc d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe 2023.

Tá siad mar rannpháirtí ar Rough Magic SEEDS 2023/24. Tá BA acu sa Bhéarla agus sa Scannánaíocht ó Choláiste na Tríonóide agus céim acu sa Chumadóireacht Ceoil do Chluichí Ríomhaireachta ó Choláiste Gríofa agus Coláiste Pulse.

Is liriceoir agus file iad chomh maith. Roghnaíodh iad do Chéadlínte Éigse Éireann 2022 agus bhuaigh siad gradam Mháire Mac an tSaoi dá bhfilíocht.

Is féidir níos mó a léamh fúthu ar a suíomh idirlín: www.hknishioradain.com