Graham Ó Móráin (sé/é)

Is file agus scríbhneoir é Graham Ó Móráin. Tá scríbhneoireacht dá chuid le léamh

in Comhar agus ANAM - An Chuisle Filíochta. Scríobhann sé dánta agus

gearrscéalta den chuid is mó, agus baint acu siúd le hábhair éagsúla a bhfuil taithí

aige féin orthu, mar shampla, míchumas agus néara-éagsúlacht.

Bhí sé páirteach sa dráma “Na Spéaclaí Draíochta” a léirigh Ardán Mhaigh Eo don

Fhéile Náisiúnta Drámaíochta in 2026, ag obair taobh thiar den stáitse agus ag leasú

na scripte.

Tá suim mhór aige i dteangacha. Tá ardchaighdeán aige i mBéarla, Gaeilge agus

Gearmáinis, agus labhraíonn sé roinnt teangacha eile ar leibhéil éagsúla, lena n-

áirítear Fraincis, Spáinnis, Iodáilis agus Rúisis.

Is mac léinn é faoi láthair atá ag déanamh dioplóma san aistriúchán agus san

eagarthóireacht chomh maith le cúrsa eile i múineadh na Gaeilge. Bronnadh Duais

Chúige Chonnacht air in 2026 i gComórtas Aistí Néill Uí Dhónaill.