Cathal Brace (sé/é)

Is ealaíontóir é Cathal le dhá phríomhréimse: an ceol agus an dearadh soilsithe. Bhain sé céim amach i mBainistíocht Stáitse agus Amharclanníocht Teicniúil in Acadamh an Lir, Baile Átha Cliath sa bhliain 2024, agus anois bíonn sé ag obair idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh.

Tá dearadh soilsithe déanta aige don fhéile IMRAM i 2024/25, d’imeachtaí cosúil le Tionscadal Phoebe Bridgers. Tá suim aige i soilsiú clubanna is ceolchoirmeacha, chomh maith le suiteáil ealaíne.

Is ceoltóir é Cathal freisin. Seinneann sé an bodhrán is cnaguirlisí éagsúla, chomh maith leis an maindilín. Thosaigh sé ag seinm ceoil tradisiúnta agus é óg, agus anois tá tionchar leathan ar a chuid ceoil. I mbliana, chuir sé rianta bríomhara ceoil ar fáil do cheardlann damhsa seit d’foghlaimeoirí ag an gcampa samhraidh LADT+ ar Chléire, rianta inar mheasc sé a ghuth féin le ceol comhaimseartha agus inar chuir sé na píosaí in oiriúint do na figiúirí éagsúla sa damhsa seit.

Ag an nóiméad, tá sé ag déanamh turgnaimh ar léiriú teicneolaíochta an cheoil agus conas an ceol traidisiúnta a mheascadh le ceol leictreonach.

Tá obair déanta ag Cathal a mheascann an dá réimse ealaíne seo. Thaifead sé físeán i mbliana dó féin agus é ag seinm an bhodhráin. Bhí béim ar an soilsiú san fhíseán seo. Sa todhchaí, tá fonn air níos mó oibre a dhéanamh a mheascann an ceol agus an soilsiú.