Annemarie Nugent (sí/í)
Is scríbhneoir cruthaitheach í Annemarie Nugent. Scríobhann sí úrscéalta, gearrscéalta agus splancscéalta. Ghlac sí páirt i Scéim Meantóireachta Fhoras na Gaeilge in 2021-2022, deis a chuir go mór lena cuid scileanna scríbhneoireachta. Is ball í d’AerachAiteachGaelach agus Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge, agus cabhraíonn sí leis an scéim Fighting Words na Gaeilge.
Bronnadh duais Oireachtais uirthi don chéad áit sa chomórtas Ficsean Do Dhaoine Óga (13-15) dá céad úrscéal An Seol atá Fút in 2022. Foilseofar é i mí na Samhna, 2025, agus tá an dara leabhar sa tsraith seo beagnach críochnaithe aici. Tá dhá dhámhachtain faighte aici ón gComhairle Ealaíon, agus chaith sí roinnt tréimhse scríbhneoireachta sa Tyrone Guthrie Centre i gContae Mhuineacháin. Fuair sí trí sparánacht ó Áras Scríbhneoirí na hÉireann chun cúrsaí a dhéanamh leo.
Tá sraith LADTA+ tosaithe aici do dhéagóirí, ina bhfuil beirt chailíní ag titim i ngrá lena chéile agus ag déileáil le fadhbanna an tsaoil agus dainséar na farraige chomh maith. Tá an dara leabhar sa tsraith beagnach críochnaithe aici. Tá scéal stairiúil LADTA+ scríofa aici do dhéagóirí freisin. San úrscéal seo, téann beirt chailíní i ngleic le heipidéim chalair 1832 agus le gnásanna sóisialta an naoú céad déag.
Foilsíodh gearrscéal léi san iris Comhar i mí Iúil 2025.
An Seol atá Fút (le foilsiú i mí na Samhna 2025)
Is scéal corraitheach seoltóireachta é seo le téama LADTA+.
Buaileann Ríona le Mealla ag campa seoltóireachta samhraidh, agus bíonn seachtain iontach acu le chéile amuigh ar an bhfarraige. Níl taithí ar bith ag Ríona ar an tseoltóireacht, agus níl mórán airgid ag a máthair chun níos mó ná campa seachtaine amháin a thabhairt di. Ní mar sin atá cúrsaí ag a cara nua Mealla. Tá an-chuid taithí aici siúd ar an tseoltóireacht, agus tá bád ag a teaghlach. Ach tá fadhbanna aici sa bhaile, agus fadhbanna eile aici leis na traenálaithe, agus ní mar a shíltear a bhítear.
Chomh maith leis sin, aithníonn Ríona láithreach go bhfuil roinnt seoltóirí eile ag cur isteach ar Mhealla, agus is gearr go mbíonn siad ag bagairt uirthi féin freisin. Agus bíonn baol agus dainséar ann ón bhfarraige freisin. Bíonn ar na cailíní dul i ngleic leis an dainséar agus leis an mbagairt, fad is atá caidreamh nua ag fás eatarthu.
An mbeidh na scileanna acu chun iad féin agus daoine eile a shábháil ón dainséar? Agus cad faoin gcaidreamh nua seo – an bhfuil an tsuim chéanna acu ina chéile? An grá é seo nó dlúthchairdeas?