Tadhg Ó Ciardha.jpg

Tadhg Ó Ciardha (sé/é nó siad/iad)

Is ealaíontóir, scríbhneoir agus amhránaí tíre é Tadhg Ó Ciardha.

Ghlac sé páirt i gceant Arthouse in 2020 ar son Outhouse Bhaile Átha Cliath. Ba é an stiúrthóir ealaíne - láithreán agus feistis san áireamh - ar Mother Courage and her Children in 2018, léiriú de chuid Dramsoc UCD. Dhear sé póstaeir don Fheachtas Soláthar Díreach a d’eagraigh Amnesty International UCD in 2017 agus don chomhdháil ASD: Myths and Legends de chuid Chaisléan Bhaile Átha Cliath in 2016.

Tá Tadhg i mbun staidéir faoi láthair ar an líníocht bhreathnaitheach le RHA agus UCD Parity Studios. Baineann an chuid is mó de shaothair Thaidhg leis an oidhreacht aiteach, an oidhreacht shíciatrach agus athléirithe ar an tírdhreach.

Ghlac Tadhg páirt i gCeolchoirm 2021 AerachAiteachGaelach agus coimisiúnaíodh cúig phíosa nua ealaíne uaidh don léiriú Idir Mise agus Craiceann do Chluaise mar chuid den Dublin Fringe Festival 2021.