Sam Ó Fearraigh i measc na n-ealaíontóirí ar ‘Blas na gConallach’ / IMRAM
Eiseofar dhá scannán ealaíne mar chuid den fhéile liteartha IMRAM agus beidh an file Sam Ó Fearraigh ó AerachAiteachGaelach i measc na n-ealaíontóirí a bheidh le feiceáil iontu.
Ba é Cathal Póirtéir a tharraing aos dána le chéile i nDrioglann Chroithlí le ceiliúradh a dhéanamh ar chultúr na Gaeilge san iar-thuaisceart, idir an fhilíocht chomhaimseartha agus shaibhreas na hamhránaíochta traidisiúnta. Tá an ócáid líon lán le buaiteoirí ag Oireachtas na Gaeilge, idir na comórtais liteartha agus na comórtais amhránaíochta mar aon le scríbhneoirí agus ceoltóirí eile a léiríonn go bhfuil an oidhreacht sin ag dul ar aghaidh ó ghlúin go glúin ar fud na contae.
- IMRAM
Blas na gConallach 1
15 Samhain 2021
Mairéad Ní Mhaonaigh agus Nia Ní Bheirne; Máire Dinny Wren agus Cáit Nic Fhionnlaoich; Doimnic Mac Giolla Bhríde; Colette Ní Ghallchóir; agus Máire Ní Choilm.
Blas na gConnalach 2
21 Samhain 2021
Cathal Ó Searcaigh; Megan Nic Ruairí; Eithne Ní Ghallchóir; Brian Ó Domhnaill; agus Sam Ó Fearraigh.