Deoraí

Is tionscadal ceoil agus scannánaíochta é Deoraí atá comhaimseartha agus Gaelach. Is é an sprioc atá ag an tionscadal go príomha ná ealaín bhunúil a chruthú trí mheán na Gaeilge. Cruthaítear tírdhreacha cultúrtha as mórán rudaí, ach tá an ealaín an-lárnach sa chruthú sin. Tá Deoraí ag iarraidh cur leis na hiarrachtaí atá ar bun chun limistéar na Gaeilge a athshamhlú. ​Ach ní féidir Deoraí a shainiú mar 'thionscadal teanga'. Tá aidhm acu ealaín a chruthú a tharraingíonn ó thraidisiúin ealaíne frithchultúrtha agus iar-nua-aoiseacha. Rinneadh clúdach ar amhráin agus físeáin ón tionscadal in: The Irish Times, The Irish Independent, Irish Central, Nós mag, Hot Press agus eile. Tá 6 phíosa eisithe ag Deoraí go dtí seo agus beidh i bhfad níos mó le teacht sna blianta amach romhainn.

Grianghraif: Saif Haque & Gerard Walsh.