Cian Ó Griofa.JPG

Cian Ó Gríofa (sé/é)

Is file, scríbhneoir, vlagálaí, gníomhaí agus taibheoir draig é Cian, agus is é an duine atá taobh thiar den chuntas ‘Gaylgeoirí’ ar líne (Instagram, TikTok, Twitter agus YouTube). Is gníomhaí LADTAIÉP+ é agus déanann sé obair ar son na cúise le ShoutOut Ireland agus sna meáin.

D’fhoilsigh sé leabhar (dátheangach) filíochta foilsithe darb ainm 'Dublin Dancers & Dreams' in éineacht leis an ngrianghrafadóir Francach, Anne Sophie Gigan, agus tá leabhar ficsin á scríobh aige bunaithe ar an reifreann pósta sa tír seo - beidh sé ar fáil ar Wattpad.com go luath!