An bhanríon draig Celtic Tigress agus bréagfholt dubh agus gúna bán uirthi.

Celtic Tigress (sí/í)

Thosaigh Celtic Tigress ag déanamh draig le linn na paindéime. Is banríon draig í atá gafa le drag atá bunaithe ar an tseanstíl. Tugann sí blas cumhach don ghlúin nua. 

Is de bhunadh Bhaile Shláine i gContae na Mí í ó dhúchas ach tá cónaí uirthi i gContae Mhuineacháin le 12 bliain anuas.

Bhí sí le feiceáil nó le cloisteáil ar First Dates Ireland ar RTÉ 2, ag an bPicnic Leictreach, ag imeachtaí Bróid i mBaile Átha Cliath agus i gCill Dara, Bloc TG4, Raidío Rí-Rá agus go leor eile.

Bhí Celtic Tigress ina hóstach ar Bhál Aiteach 2022, imeacht a d’eagraigh AerachAiteachGaelach leis an Queercal Comhrá agus Baile Átha Cliath le Gaeilge.

Is féidir tuilleadh a léamh faoi Celtic Tigress ag celtictigress.univer.se